Tursarraingí agus Fliodh (Stellaria)

Tá dhá chineál planda sa ngéineas Stellaria, a bhfuil ceithre speiceas dúchasach in Éirinn. Tugtar tursarraingí (stitchworts) agus fliodh, nó flíoch (chickweeds) orthu. Is bliantóga agus ilbhliantóga luibheacha iad a fhásann i réigiúin le haeráid mheasartha.

Bíonn duilleoga lansacha, urchomhaireacha acu agus bláthanna beaga bána réalt-chruthacha (is uaidh seo a tháinig an t-ainm géineasach, Stellaria). Bíonn cúig pheiteal ar na bláthanna, ach mar go mbíonn siad scoilte go domhain ina lár, bíonn an chosúlacht orthu go bhfuil 10 bpeiteal ar na bláthanna.

Tugtar (i mBéarla) chickweed ar an bhflíoch (Stellaria media) agus ar roinnt plandaí eile sa ngéineas seo, mar gheall go mbíodh cearca agus éanacha eile ag ithe síolta na bplandaí. Glaoitear ‘tursarraing’ ar Stellaria holostea (Tursarraing Mhór) agus Stellaria graminea (Tursarraing Bheag), plandaí a dtugtar stitchwort orthu i mBéarla – mar go gceaptaí gur leigheas ar arraing (pian sa taobh) a bhí iontu.