Fraoch sa ngéineas Erica
Faightear cineálacha fraoigh i dtrí ghéineas difriúla in Éirinn – Calluna, Erica, agus Daboecia. Cé go gceapann muid gurb é an bláth an chuid is suntasaí den bhfraoch, is sna duilleoga atá an difríocht is mó idir plandaí sna géinis seo. Tá duilleoga beaga gainneacha ag plandaí i Calluna, is duilleoga spíonlacha atá ag Erica, agus tá duilleoga beaga ubhacha ag Daboecia. Is ón ngéineas Erica a thagann ainm na finte, Ericaceae. Is sa ngéineas seo atá péire de na cineálacha fraoigh is coitianta in Éirinn.
Fásann an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) in áiteanna tirime agus aigéadacha. Feictear é ar chnoic phortaigh agus san ithir éadomhain timpeall ar chlocha eibhir. Tá an fraoch seo, in éineacht leis an bhfraoch mór, thar a bheith coitianta in iarthar na hÉireann. Tagann na bláthanna bándearga nó corcra amach i mí an Mheithimh agus leanann siad orthu ag bláthú go deireadh an tsamhraidh. Fásann na duilleoga spíceacha i rothóga ar an ngas.
Tá cosúlachtaí idir an fraoch naoscaí (Erica tetralix) agus an fraoch cloigíneach. Is radharc coitianta ar phortaigh an iarthair é, cé nach bhfuil sé chomh flúirseach leis an bhfraoch mór ná an fraoch cloigíneach. Mar aon le cineálacha fraoigh eile, is i gcréafóg aigéadach a fhásann an fraoch naoscaí, cé go bhfuil sé níos compordaí ná na cineálacha fraoigh eile i dtalamh atá níos fliche. Faigheann sé an t-ainm tetralix mar go bhfuil ceithre dhuilleog spíceacha ar gach rothóg i gcomparáid le trí cinn atá ar an bhfraoch cloigíneach. Bíonn dath níos gile ar bhláthanna bándearga an fhraoigh seo ná mar a bhíonn ar na speicis eile. Is ar bharr an ghais a bhíonn na bláthanna i mbraislí agus is minic leo a bheith iompaithe an treo céanna.