Ilbhliantóga
Maireann plandaí ar ilbhliantóga iad ar feadh níos mó ná dhá bhliain. Ní ionann iad agus bliantóga, a phéacann, a fhásann, a bhláthaíonn, a scaipeann síolta, agus a fhaigheann bás taobh istigh de bhliain amháin.
Tá dhá chineál ilbhliantóg ann – ilbhliantóga luibheacha (amhail go leor plandaí fiáine in Éirinn) agus ilbhliantóga adhmadacha (cosúil le crainn agus sceacha). Críonann ilbhliantóga luibheacha siar os cionn na talún sa ngeimhreadh, cailltear na gais agus duilleoga, ach fánann na struchtúir faoi thalamh, fréamhacha agus bleibíní, beo. Ní chríonann ilbhliantóga adhmadacha siar ar chor ar bith.
Is féidir le hilbhliantóga luibheacha 20 bliain d’aois agus níos mó a bhaint amach, agus tá ilbhliantóga adhmadacha ann atá na mílte bliain d’aois.
Bíonn ilbhliantóga luibheacha tábhachtach don timpeallacht mar cobhsaíonn a gcuid fréamhacha láidre créafóg ar bhealach nach ndéanann bliantóga. Cuireann ilbhliantóga adhmadacha cosúil le sceacha tearmann ar fáil d’ainmhithe agus d’éanacha freisin.