Spuirsí (Euphorbia)
Tá Euphorbia, géineas na spuirsí, ar cheann de na géinis is líonmhara ar domhan, le os cionn 2,000 speiceas ann. Tá idir bhliantóga beaga go sceacha móra sa ngéineas ilchinéalach seo, plandaí a fhásann ar fud an domhain, ó fhoraoisí báistí, go gaineamhlacha, go gnáthóga measartha na hÉireann.
Tá tréith uathúil ag spuirsí nach bhfuil ag aon ghrúpa plandaí eile – an cyathium. Is bláthra speisialta é seo a bhreathnaíonn cosúil le bláth aonair, ach atá comhdhéanta de go leor bláthanna beaga. Anuas ar seo, táirgeann spuirsí sú laitéise nimhneach a chuireann an ruaig ar luibhiteoirí agus lotnaidí.
Tá an-éileamh ar spuirsí i dtionscal na garraíodóireachta mar gheall ar an éagsúlacht mhór plandaí atá sa ngéineas.
Tá an bainne caoin (Euphorbia hyberna) ar cheann den fhlóra Lúsatánach. Is plandaí iad atá dúchasach ar leithinis na hIbéire agus in Éirinn, ach nach bhfuil dúchasach sa mBreatain, agus is mistéir fós é cén chaoi a ndearna siad a mbealach go hÉirinn tar éis na hOighearaoise.