Plandaí Ionracha

Tugtar speicis choimhthíocha ionracha ar phlandaí a thugtar isteach d’aon turas i dtimpeallacht nádúrtha nach bhfaightear iad de ghnáth, agus a bhfuil drochthionchar acu ar an timpeallacht sin.

Cé go mbíonn tréithe ionracha ag cuid de speicis dhúchasacha na hÉireann, amhail an raithneach mhór (Pteridium aquilinum) agus an t-aiteann (Ulex spp.), is iondúil go scaipeann na plandaí seo go tréan i gceantar ar leith mar go bhfuil an áit ina bhfuil siad ag fás curtha in oiriúint dóibh mar gheall ar obair a rinneadh air.

Ach bíonn buntáiste ar leith ag speicis choimhthíocha ionracha thar phlandaí dúchasacha eile – b’fhéidir easpa creachadóirí sa timpeallacht nó go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh galar – agus baineann siad leas as an mbuntáiste seo le hiomadú agus scaipeadh gan chonstaic.