Magairlíní sa ngéineas Dactylorhiza
Is magairlíní iad na plandaí sa ngéineas Dactylorhiza, atá sa bhfine Orchidaceae. Tá tréithe i gcoiteann acu lena chéile. Is iondúil go mbíonn an struchtúr céanna ar an mbláthra – bíonn trí sheipeal agus trí pheiteal ag gach bláth, le peiteal lárnach ar a dtugtar an labellum nó an liopa, a mhealann pailneoirí. Is tréith suntasach freisin iad struchtúr agus siméadracht na magairlíní.
Tá tuairim is 60 speiceas sa ngéineas Dactylorhiza, agus timpeall cúig cinn dúchasach in Éirinn, cé go bhfuil sé deacair figiúir cruinn a thabhairt mar go hibridíonn siad lena chéile agus is minic go n-aistrítear speiceas go fo-speiceas agus vice versa ag brath ar an bplanda agus an té atá á staidéar.
Bíonn tiúbair thiubha, mhaothánacha ag na plandaí seo (ciallaíonn dactyl méar agus rhiza fréamh). Is minic go mbíonn spotaí dorcha ar na bonnduilleoga. Mar aon le gach magairlín, is iad na bláthanna na codanna is suntasaí den phlanda. Bíonn spící arda de bhláthanna bána, bándearga agus corcra ar na magairlíní sa ngéineas seo, le pátrúin chasta de lúbanna agus casnóga ar na peitil chun pailneoirí a mhealladh.
Is iondúil go bhfaightear na magairlíní seo ar thalamh aigéadach agus ar thalamh alcaileach. Tá portaigh an iarthair agus pábháil aolchloiche na Boirne breac leis na bláthanna áille seo sa samhradh.