Hocais (Malva)
Tá dhá hocas – speicis sa ngéineas Malva – dúchasach in Éirinn, an hocas ard (Malva arborea) agus lus na meall Muire (Malva sylvestris), ach tá roinnt speiceas neamhdhúchasacha eile ag fás fiáin in Éirinn. Bíonn duilleoga ciorclacha, maothánacha ag na hocais, agus bláthanna móra corcra agus bándearga. Bíonn torthaí beaga acu a bhreathnaíonn cosúil le cnaipí.
Tugtar mallow orthu i mBéarla agus is ó na plandaí seo, ach go háirithe ón Leamhach (Althaea officinalis), a rinne daoine leamhachán (marshmallow) ó ghumalacht a bhíonn i bhfréamhacha na bplandaí. D’fheochadís é le geilitín agus siúcra.
Is planda neamhghnáthach é an hocas ard. Is iondúil gur débhliantóg é, uaireanta ilbhliantóg, ach is planda monacarpach é freisin – forbraíonn sé síolta uair amháin agus ansin faigheann sé bás. Cheapfá gur planda beag a bheadh ina leithéid, ach fásann a hocas ard chomh tapa sin idir earrach go fómhar go ndéanann sé crann beag.
Bíonn cuma andúchasach ag an hocas ard, lena chuid duilleoga móra agus stoc a bhreathnaíonn ar nós ceann a bhíonn ag crann pailme. In ainneoin sin, is planda luibheach é, ní planda adhmadach. Críonann sé siar go hiomlán tar éis dó bláthú agus faigheann sé bás. Fásann an planda dúchasach seo ar chósta na hÉireann, san iarthar, deisceart agus oirthear, den chuid is mó.