Na Plandaí Cúigmhéaracha (Potentilla)

Tá seacht gcinn de phlandaí ón ngéineas Potentilla dúchasach in Éirinn agus formhór acu réasúnta coitianta ar fud na tíre. Mar go mbíonn duilleoga bosacha le cúig mhaothán acu, tugtar cúigmhéaracha orthu (cinquefoil i mBéarla). Bíonn bláthanna beaga buí, bána nó dearga, le ceithre nó cúig pheitil orthu.

Fásann na plandaí cúigmhéaracha i raon leathan gnáthóg. Bíonn portaigh an iarthair breac leis an néalfartach (Potentilla erecta) sa samhradh, fásann an cnó léana (Comarum palustre ach tugtar Potentilla palustris air freisin)  ar thalamh fliuch, bíonn an briosclán (Potentilla anserina) an-fhairsing ar an gcósta, agus feictear an cúig mhéar Mhuire (Potentilla reptans) ag fás go minic ar thaobh an bhóthair.

Tugtar an tsú talún bhréige ar Potentilla sterilis mar go mbreathnaíonn toradh an phlanda cosúil le sú talún (cé nach bhfuil sé inite).

Cé gur ilbhliantóga luibheacha iad formhór na bplandaí seo, is sceach adhmadach é an tor cúigmhéarach (Dasiphora/Potentilla fruticosa) nach bhfásann ach sa mBoireann agus i gcorr-áit eile. Is iarmsa é seo ó aimsir na n-oighearsruthanna.

Glaoitear pótaintillí ar phlandaí cúigmhéaracha freisin. Ciallaíonn potentilla rud beag láidir, tagairt don úsáid a bhaintí as na plandaí seo mar chógas leighis.