Débhliantóga

Tógann sé dhá bhliain ar dhébhliantóga, plandaí cosúil le méaracán an phúca (Digitalis purpurea) agus fóthnáin (Cirsium spp.) éagsúla, timthriall na beatha a chur i gcrích. Caitheann siad an chéad bhliain ag forbairt go fásúil. Péacann siad, forbraíonn siad fréamhacha, gais agus duilleoga. Is minic gur i bhfoirm roiséid – sínte agus íseal ar an talamh – a bhíonn na duilleoga sa gcéad bhliain seo.

Stóráileann siad fuinneamh i socfhréamh nó i mbleibín. Is sa dara bhliain den timthriall a bhláthaíonn an planda. Cuireann sé gas blátha aníos, ar a bhfásann bláthanna. Forbraíonn siad síolta, agus cailltear an débhliantóg tar éis dó na síolta a scaipeadh, ag tosú an timthrialla arís.