Beathnuanna (Hypericum)
Tugtar beathnuanna ar na speicis sin atá sa ngéineas Hypericum agus tá seacht gcinn acu dúchasach in Éirinn. Is plandaí ilghnéitheacha iad agus tá idir sceacha, bliantóga agus ilbhliantóga ina measc. Is furasta iad go léir a aithint mar go bhfuil bláthanna suntasacha na bplandaí seo ar fad buí, le cúig pheiteal orthu.
Tugtar luibh Eoin Bhaiste ar an mbeathnua freisin mar gur iondúil go mbíonn siad faoi bhláth Oíche Sin Seáin (23 Meitheamh), an dáta céanna le Féile Naomh Eoin. Tá clú ar an mbeathnua mar chógas leighis ó aimsir na nGréagach agus bhaintí úsáid as mar leigheas ar an ngalar dubhach, i measc tinnis eile.