Rúnna (Galium)

Is iondúil gur rú a thugtar ar phlanda sa ngéineas Galium. Tá seacht nó ocht gcinn de rúnna ag fás fiáin in Éirinn, agus tá formhór acu dúchasach.

Dhéantaí tochta a líonadh leis an bplanda seo mar gheall ar bholadh deas an duilliúir. Is mar gheall ar seo a thugtar bedstraw ar rúnna i mBéarla. Ceaptar gur ón bhFraincis rue, ainm planda a bhreathnaíonn cosúil leis na plandaí sa ngéineas Galium, a tháinig an t-ainm Gaeilge ‘rú’.

Bíonn gais chearnógacha ar rúnna, ach is furasta iad a aithint óna gcuid duilleog. Is rothóg de dhuillíní lansacha, fada agus caol, iad. Is bláthanna beaga bána a bhíonn ar fhormhór na rúnna.

Bíonn cuid de na rúnna, an garbhlus (Galium aparine) go háirithe, cosúil le cineál féith, ag dreapadh suas in airde ar phlandaí eile. Déanann siad é mar go mbíonn crúcaí beaga ar na gais agus na síolta beaga ciorclacha. Greamaíonn na síolta d’ainmhithe freisin, agus scaipeann an planda ar an mbealach seo.