Falcairí agus Brealláin (Lysimachia)

Is bláthanna beaga ísle iad formhór na mbláthanna dúchasacha atá sa ngéineas Lysimachia agus atá ag fás go fiáin thart timpeall orainn. Tugtar falcairí mar chnuasainm ar an gcuid is mó acu. Tá siad go léir sa bhfine Primulaceae, ina bhfuil bláthanna amhail an bainne bó bleachtáin agus crúibíní cait.

Is é an bhrealla léana (Lysimachia vulgaris) an planda a thug ainm don ghéineas, Lysimachia. De réir an tseanchais, d’úsáid Rí Lysimachus (a tháinig i gcomharbacht ar Alastar Mór na Macadóine) an planda dá bheithígh chun iad a chiúnú.

Cuireann luibheolaithe cuid de na falcairí isteach sa ngéineas Anagallis, a chiallaíonn sásamh a bhaint as rud éigin an athuair. Is tagairt é seo don chaoi a n-osclaíonn agus a ndúnann peitil na bplandaí seo faoi réir sholas na gréine.

Is foinse bheatha thábhachtach iad na plandaí seo do larbhaí féileacán agus leamhan.