Fraoch

Tá cineálacha éagsúla fraoigh i measc na bplandaí is coitianta atá ar phortaigh an iarthair. Cé nach bhfásann siad ach in ithir atá tirim agus aigéadach, scaipeann siad go héasca má aimsíonn siad na coinníollacha sin. Bíonn dath corcra an fhraoigh ar na portaigh agus ar chnoic an iarthair sa samhradh. Is iomaí leas a bhaintí as an bhfraoch fadó. D’úsáidtí é le dath a chur in éadaí, le blas a chur ar bhia agus i dtionscal na caoladóireachta. Is cuid thábhachtach an fraoch don éiceachóras freisin. Tugann fraoch foscadh agus tearmann d’éánacha agus d’ainmhithe. Is foinse bheatha do bheacha é neachtar na mbláthanna. Bíonn blas an fhraoigh ar mhil a tháirgíonn na beacha sin.

Fásann an fraoch cloigíneach (Erica cinerea) in áiteanna tirime agus aigéadacha. Feictearar chnoic phortaigh é agus san ithir éadomhain timpeall ar chlocha eibhir. Tá cosúlachtaí idir an fraoch naosctha (Erica tetralix) agus an fraoch cloigíneach. Mar aon le cineálacha fraoigh eile, is i gcréafóg aigéadach a fhásann an fraoch naosctha. Isr adharc coitianta ar phortaigh an iarthair é cé nach bhfuil sé chomh flúirseach leis an bhfraoch mór ná an fraoch cloigíneach. Faigheann sé an t-ainm tetralix mar go bhfuil ceithre dhuilleog spíceacha ar gach rothóg i gcomparáid le trí cinn atá ar an bhfraoch cloigíneach.

Is é an fraoch mór (Calluna vulgaris) an fraoch is coitianta ar an bportach. Tá cuma na sceiche ar an bplanda mór craobhach dlúth seo atá in ann airde 60 cm a bhaint amach. Bláthaíonn an fraoch mór níos deireanaí sa samhradh, ó mhí Iúil ar aghaidh, ná na cineálacha fraoigh eile. Bíonn líon mór beach ag triail ar neachtar na mbláthanna. Spioraí an fhraoigh mhóir ba mhó a d’úsáidtí sa gcaoladóireacht. Tá fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica) ar cheann den bheagán plandaí dúchasacha in Éirinn nach bhfuil dúchasach sa mBreatain freisin. Ní fhásann an fraoch seo go fiáin ar na hoileáin seo ach in iarthar na hÉireann. Ach tá an planda seo scaipthe ar fud an domhain anois, a bhuíochas do thionscadal na garraíodóireachta.