Plandaí Neamhdhúchasacha
Nuair a bhrataigh na hoighearshruthanna an t-oileán le linn na hoighearaoise deiridh, ag leá tuairim is deich míle bliain ó shin, ní raibh mórán áiteanna in Éirinn a raibh plandaí ag fás iontu, cé is moite de phaistí beaga a bhí saor ón leac oighir. Ach nuair a tháinig athrú ar an aeráid agus thosaigh an t-oighear ag leá, de réir a chéile thosaigh plandaí nua ag teacht go hÉirinn.
Ceaptar gur tháinig speicis éagsúla thar an droichead talún a bhí idir Éire agus an Bhreatain, agus ar aghaidh chuig an chuid eile de mhórroinn na hEorpa. Tháinig cuid eile nuair a scaip an ghaoth agus ainmhithe síolta anoir ón mBreatain. Sula i bhfad, bhí timpeall 819 speiceas difriúil plandaí ag fás ar an oileán, plandaí a dtugann muid ‘plandaí dúchasacha’ orthu anois.
Timpeall an ama seo, thart ar naoi míle bliain ó shin, a tháinig na chéad daoine go hÉirinn. Thug siad plandaí leo, agus tugann muid plandaí ‘neamhdhúchasacha’ ar gach planda a tháinig go hÉirinn ón am sin i leith. In ainneoin gur plandaí neamhdhúchasacha iad, d’éirigh leo sníomh isteach go nádúrtha i ngréasán dúlra na tíre, agus gan mórán dochair a dhéanamh don fhlóra dúchasach. Ní raibh tionchar mór ag na plandaí seo ar an dúlra áitiúil mar gur tháinig formhór acu ó áiteanna ar nós na Breataine agus tuaisceart na hEorpa, nach raibh chomh difriúil sin ón oileán seo.
Tugtar aircéifít (archaeophyte) ar phlandaí neamhdhúchasacha atá in Éirinn le fada an lá – mar shampla plandaí a tugadh isteach ag leithéidí na gcéad fheilméaraí sa gCré-umhaois, agus flóra a thug na Normanaigh go hÉirinn níos deireanaí. Ina measc seo tá plandaí inite, amhail an tornapa fiáin (Brassica rapa), agus plandaí úsáideacha eile, amhail an saileánach (Salix viminalis), a úsáidtear i gcaoladóireacht.
Tugtar núíosach (neophyte) ar gach planda a tháinig isteach tar éis 1550 AD, tráth ar thosaigh an malartú Colambach, próiseas ina raibh daoine, plandaí, galraí, agus rudaí eile á malartú idir an Domhan Nua agus an Sean-Domhan. Is timpeall an ama seo, agus plandaí nua cosúil leis an bhfiúise (Fuchsia magellanica) ag teacht ó Mheiriceá Theas, a tháinig athrú suntasach ar fhlóra an oileáin. Tá thart ar 95 aircéifít agus 254 núíosach nádúraithe ar an oileán anois.