Plandaí Lúsatánacha

Is grúpa ar leith d’fhlóra na hÉireann iad na plandaí Lúsatánacha. Tá siad dúchasach ar leithinis na hIbéire agus in Éirinn, ach níl siad dúchasach sa mBreatain, agus is mistéir fós é cén chaoi a ndearna siad a mbealach go hÉirinn tar éis na hoighearaoise.

Fiú in Éirinn,  tá dáileadh an-teoranta acu. Is planda Lúsatánach é fraoch na haon choise (Daboecia cantabrica), fraoch nach bhfeictear go fiáin sna hoileáin seo ach in iarthar na Gaillimhe agus iarthar Mhaigh Eo. Ní fhásann cabáiste an mhadra rua (Saxifraga spathularis) ach san iarthar agus san iardheisceart. Is i gContae Chiarraí a fhásann beagnach gach crann caithne (Arbutus unedo) ar an oileán.

Níl loighic shoiléir le dáileadh na bplandaí Lúsatánacha. Mar gur tríd an mBreatain a tháinig formhór de fhlóra an oileáin seo nuair a leá na hoighearshruthanna deiridh, cuireann na plandaí Lúsatánacha agus a scaipeadh tíreolaíochta in Éirinn mearbhall ar luibheolaithe ar fud an domhain.