Creamha (Allium)

Is sa ngéineas Allium atá plandaí inite cosúil leis an gcainneann agus an creamh (Allium ursinum). Aithnítear go héasca iad ón mboladh láidir a bhíonn ó gach cuid den phlanda. Tá oiniúin agus síobhais sa ngéineas céanna.

Tá an creamh dúchasach, tugadh isteach an chaineann fhiáin na mílte bliain ó shin, agus is planda ionrach neamhdhúchasach é an glaschreamh (Allium triquetrum). Níl an chainneann fhiáin (Allium ampeloprasum) coitianta ach in iarthar an oileáin.