Miontais (Mentha)
Is sa ngéineas Mentha atá na plandaí miontais, ilbhliantóga luibheacha le boladh láidir uathu. Bíonn gais chearnógacha acu agus duilleoga ag fás go hurchomhaireach ar an ngas. Scaipeann siad ag úsáid ríosóim faoi thalamh agus ar sin is minic go bhfeictear go leor acu ag fás le chéile.
Tá dhá speiceas dúchasach in Éirinn, an mismín mionsach (Mentha aquatica) agus an mismín arbhair (Mentha arvensis). Tugadh isteach an chartlainn gharraí (Mentha spicata), spearmint i mBéarla, agus is hibrid idir í agus an mismín mionsach atá i lus an phiobair (Mentha x piperita), nó peppermint.
Tá éileamh mór ar phlandaí ón ngéineas seo mar gheall ar an ola eisintiúil meantól a sholáthraiónn siad. Baintear úsáid as seo i gcócaireacht, sa gcógaisíocht agus i dtionscal na gcosmaidí.