Móráin (Saxifraga)
Tá na móráin go léir sa ngéineas Saxifraga, grúpa mór de os cionn 400 speiceas sa bhfine Saxifragaceae. Is iondúil go bhfásann siad i gceantair fhuara (artacha agus alpacha) sa Leathsféar Thuaidh, ar charraigeacha, screathain, ailltreacha, agus i scailpeanna. Ciallaíonn saxifraga “briseadh clocha” sa Laidin, míthuiscint ar chumhachtaí an phlanda seo, ach léiriú ar na háiteanna ina bhfásann sé.
Fásann móráin mar mhata dlúth ar an talamh. Déanann na duilleoga roiséid ísle de dhuilleoga maothánacha, feolmhara. Bíonn dath bán, dearg nó bándearg ar na bláthanna beaga.
Tá móráin na hÉireann ar chuid de na plandaí is suntasaí dá bhfuil ag fás ar an oileán. Is planda annamh é an mórán Gaelach (Saxifraga rosacea), nach bhfásann in Éirinn ná sa mBreatain ach sa mBoireann agus ar oileáin Árann. Tá speicis eile de mhóráin atá níos annaimh fós ag fás in áiteanna airde agus uaigneacha ar an oileán, áiteanna iargúlta nár chlúdaigh na haighearsruthanna le linn na hoighearaoise dheiridh.
Tá cabáiste an mhadra rua (Saxifraga spathularis), atá annamh in Éirinn seachas san iarthar agus san iardheisceart, ar cheann de na plandaí Lúsatánacha. Is plandaí iad atá dúchasach ar leithinis na hIbéire agus in Éirinn, ach nach bhfuil dúchasach sa mBreatain, agus is mistéir fós é cén chaoi a ndearna siad a mbealach go hÉirinn tar éis na hoighearaoise.