Cluasa Luchóige (Cerastium)

Is ilbhliantóga agus bliantóga le bláthanna tarraingteacha bána iad na cluasa luchóige. Tá siad go léir sa ngéineas Cerastium, sa bhfine Caryophyllaceae. Tá timpeall ceithre speiceas dúchasach in Éirinn. Is plandaí ísle iad a fhásann go minic ar thalamh féaraigh, cé go bhfuil speicis ann atá níos mó in oiriúint do ghnáthóga cósta.

Bíonn cúig pheiteal ar na bláthanna beaga bána, cé go mbreathnaíonn sé go mbíonn níos mó orthu mar tá gach peiteal scoilte go domhain síos ina lár. Cuirtear an chluas luchóige lomrach (Cerastium tomentosum) i ngairdíní, agus feictear ag fás mar éalaitheach gairdín í go minic.