Luachair (Juncus)

Tugtar luachair ar na plandaí sin le gais fhada chaola, a mbíonn trasghearradh ciorclach acu (bíonn imill ar chíbeanna). Tá beagnach gach planda a thugann muid luachair orthu sa ngéineas Juncus, cé go bhfuil plandaí a thugann daoine luachair orthu (ach ar bogshifíní iad) i ngéinis eile. Tá na plandaí seo go léir sa bhfine Juncaceae.

Ní bhíonn na gais cuasach, ach iad líonta le cineál laíon bog agus spúinsiúil. Ní bhíonn duilleoga suntasacha ag luachair, mar a bhíonn ag féara. Bíonn duilleoga beaga, neamhurchóideacha acu a fhásann ó bhun an phlanda (fásann duilleoga féir díreach ón ngas).

Forbraíonn luachair braislí de bhláthanna beaga donna agus glasa, pailníonn an ghaoth iad agus scaiptear na síolta beaga sa ngaoth agus san uisce a bhíonn thart timpeall orthu.

Fásann luachair ar thalamh fliuch, i riascanna agus ar bhruacha sruthán agus aibhneacha. Is comhartha de dhrochthalamh feirmeoireachta é luachair a bheith ag fás ann. Cosúil le plandaí arda, dlútha eile, tugann luachair tearmann d’éanacha agus d’ainmhithe chun neadracha a dhéanamh agus le dul i bhfolach ó chreachadóirí.

Is iomaí úsáid a bhain daoine as luachair fadó freisin, go háirithe an luachair bhog agus an luachair dhlúth. D’úsáidtí iad mar chlúdach d’urláir, i gcaoladóireacht, chun rópaí a dhéanamh, agus mar gheatairí chun solas a sholáthar.