Plandaí Síorghlasa
Coinníonn plandaí síorghlasa a gcuid duilleog ar feadh na bliana, seachas iad a chaitheamh uathu mar a dhéanann plandaí duillsilteacha. Déanann formhór na mbuaircíneach é seo, ach tá roinnt plandaí le bláthanna, cosúil leis an bhfraoch agus an cuileann (Ilex aquilfolium), síorghlas freisin.
Tá formhór na bplandaí sa bhfine Ericaceae síorghlas, ina measc an róslabhras (Rhododendron ponticum) ionrach, fraochanna éagsúla, agus an chaithne (Arbutus unedo), crann dúchasach síorghlas a fhásann i gContae Chiarraí.
Is iondúil go mbíonn duilleoga beaga spíonacha nó duilleoga móra céiriúla leatharacha ar phlandaí síorghlasa, le nach gcaillfidh siad an iomarca uisce. Tugann plandaí síorghlasa tearmann d’ainmhithe i rith an gheimhridh, nuair a bhíonn an chuid is mó de phlandaí eile lom.