An Fhraochóg
Vaccinium myrtillus

Ainmneacha GaeilgeFraochóg, Fraochán, Tom Fraochán, Breileog, Broileog, Dearc Fraoigh, Lusra na bhFraochán, Mónadán, Mónann, Mónarán
Ainmneacha BéarlaBilberry; Whortleberry; European Blueberry
Ord: Ericales | Fine: Ericaceae
Tréimhse Faoi Bhláth
🍃Duilleog: Ubhach
📏Airde: 50cm
🎨Bláth: Corcra Glas
⛰️Gnáthóg: Portach Tirim

Is sceach bheag, dhuillsilteach í an fhraochóg atá coitianta ar chriathrach oscailte an iarthair, ach fásann sí i sraith na talún i sean-choillte darach freisin. Mar aon le gach planda eile sa bhfine Ericaceae, is compordaí atá an fhraochóg i gcréafóg aigéadach. Is cosúil le bláthanna na caithne agus cineálacha éagsúla fraoigh iad bláthanna beaga cloigíneacha na fraochóige. Tagann caora beaga milse inite ar an bplanda ag deireadh an tsamhraidh. Itheann éin agus mamaigh na caora. Scaipeann an fhraochóg ag úsáid riosóim faoi thalamh, as a gcuireann sí meatháin nua aníos.

Plandaí Gaolmhara